Tá tús curtha inniú le cúram dochtúirí teaghlaigh saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine atá os cionn 70 bliain d'aois.

Baineann seo le daoine nach bhfuil cárta leighis ná cárta dochtúir teaghlaigh acu cheana féin.

Áirítear go bhfuil suas le 35,000 duine i gceist ar fad.

Seo í an chéad chéim eile sa bplean atá ag an Rialtas le cúram leighis saor in aisce a chur ar fáil don daonra ar fad.

Go dtí seo, tá 8,700 duine os cionn 70 bliain d'aois tar éis clárú don scéim.

Tuigtear go gcosnóidh an scéim idir €18m-€20m in aghaidh na bliana.

Ní bheidh fáil áfach ar sheirbhísí altraí sláinte phoiblí ná seirbhísí fisiteiripeoirí saor in aisce faoin scéim seo.

An mhí seo caite ceadaíodh cúram dochtúra teaghlaigh saor in aisce do gach páiste faoi 6 bliana d'aois.